Written answers

Tuesday, 26 February 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foilseacháin Ghaeilge.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén méid airgid in aghaidh na cóipe a thugann Foras na Gaeilge mar mhaoiniú ar fhoilseacháin, amhail Gaelscéal, Comhar, Feasta agus aon fhoilseacháin eile. [9726/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go gcuirtear maoiniú ar fáil d'irisí áirithe chun freastal ar shainmhargaí ar leith. Is sainmhargaí iad seo nach ndéanfaí freastal, nó an freastal céanna, orthu gan an maoiniú sin. Mar shampla, tá cáil ar leith ar chuid de na hirisí liteartha ar nós Comhar. Bíonn irisí eile dírithe ar riachtanais earnálacha agus eagraíochtúla, ar nós Feasta agus An tUltach. Is scéim phíolótach atá i gceist le NÓSmag , iris atá dírithe ar shainspéiseanna na hóige. Mar chuid den chonradh, cuirtear na seaneagráin den iris, mar aon le blaiseadh den eagrán is deireanaí, ar fáil don phobal saor in aisce ar líne.

Ní miste a shoiléiriú nach ionann an nuachtán Gaelscéal agus na hirisí eile atá luaite ag an Teachta. Murab ionann is Gaelscéal, ní dhíoltar na hirisí sin sna siopaí ach cuirtear iad ar fáil ar bhonn síntiúis bliana. Tuigtear dom gur chuir Foras na Gaeilge maoiniú de €400,000 ar fáil don nuachtán Gaelscéal in 2012 agus gurb é an meándíolachán a bhí air ná 1,314 cóip in aghaidh na seachtaine.

Ó thaobh irisí de, leagtar amach sa tábla seo a leanas an maoiniú a chuir Foras na Gaeilge ar fáil dóibh in 2012:

Irisí
Maoiniú in 2012
Comhar
€80,000
Feasta
€41,487
NÓSmag* (Bealtaine-Nollaig)
€24,000
An tUltach
€17,108
An Timire
€3,326
An Sagart
€2,622

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.