Written answers

Tuesday, 26 February 2013

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim na hÍocaíochta Aonair

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste agus scéim na haoníocaíochta le duine (sonraí leis seo); an mbíonn pionós i gceist i gcás gach scéime acu sin; agus má bhíonn, cén méid pionóis a bhíonn i gceist [9655/13]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le Scéim na hÍocaíochta Aonair, bhí an t-iarratas ar cheann de roinnt iarratas a roghnaíodh lena scrúdú i ndáil le hinghlacthacht d'fhonn coinníollacha de chuid an AE a shásamh. Ba é toradh na cigireachta sin go bhfuarthas go ndearnadh rómhaíomh idir 3% agus 20% i ndáil leis an achar, agus laghdaíodh an íocaíocht, faoi rialacha agus coinníollacha na Scéime, dá thoradh sin. Cuireadh laghdú iomlán €281.99 i bhfeidhm i ndáil leis an rómhaíomh. Eisíodh íocaíocht €1,110.39 i ndáil leis an achar inghlactha ar an 7 Feabhra 2013 leis an gcuntas bainc a d'ainmnigh an t-iarratasóir. Cuireadh toradh na cigireachta in iúl don iarratasóir i litir dar dáta an 1 Feabhra 2013 chomh maith le heolas faoin gceart athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg. Is féidir achomharc a dhéanamh in am tráth leis an Oifig Achomharc Talmhaíochta, atá neamhspleách, maidir le toradh an athbhreithnithe.

Faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012, éilítear go mbeadh coinníoll maidir le híosleibhéal dlús stocála 0.15 aonad beostoic á sásamh ar ghabháltas iarratasóirí inghlactha ar feadh tréimhse coinneála sé mhí as a chéile, chomh maith le cloí le meánleibhéal bliantúil 0.15 aonad beostoic arna ríomh ar feadh dhá mhí dhéag bhliain na scéime. Ó tharla nach bhfuil deimhnithe gur sásaíodh íoschoinníollacha na scéime maidir le dlús stocála ar ghabháltas an té a ainmnítear, níl aon íocaíocht dlite faoi Scéim na bliana 2012.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.