Written answers

Tuesday, 5 February 2013

Department of Justice and Equality

Cóiríocht Cúirte

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Justice and Equality an bhfuil aon chinneadh déanta chun aon cheann de na tithe cúirte seo a leanas a dhúnadh - An Spidéal, Contae na Gaillimhe agus Doire an Fhia i gCasla, Conamara, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5355/13]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Justice and Equality an bhfuil sé i gceist leanúint le héisteacht chásanna na Cúirte Dúiche i gCill Rónáin, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5356/13]

Photo of Alan ShatterAlan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 637 and 638 together.

Mar is eol don Teachta, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is í an tSeirbhís Chúirteanna atá freagrach as bainistiú na gcúirteanna agus tá an tSeirbhís neamhspleách i bhfeidhmiú a feidhmeanna, ar a n-áirítear cóiríocht a chur ar fáil le haghaidh suíonna cúirte.

Chun cuidiú leis an Teachta, áfach, chuir mé fiosrúcháin á ndéanamh agus tá curtha in iúl dom go bhfuil an tSeirbhís Chúirteanna tar éis bheith ag gabháil d’athbhreithniú ar gach gné dá cuid struchtúr eagrúcháin agus oibríochta ar fud na tíre agus é mar shainchuspóir a chinntiú gur féidir leis an tSeirbhís leanúint uirthi ag coinneáil ag seachadadh seirbhísí cúirte líne tosaí, mar aon le leibhéal cuí seirbhíse, ar lucht úsáidte cúirte. Tuigtear dom nár díríodh go sonrach ar aon ionad cúirte ar leith don phróiseas athbhreithnithe ná go deimhin nach ndearnadh aon ionad cúirte a shaoradh ón bpróiseas. Sa chomhthéacs seo, rinneadh na tithe cúirte i gCill Rónáin, i nDoire an Fhéich agus sa Spidéal a shainaithint mar ionaid ar cheart go ndéanfaí breithniú maidir lena ndúnadh, faoi réir measúnaithe mhionsonraithe agus cás gnó a ullmhú.

Tríd an bpróiseas seo, tá creat ginearálta bunaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna a bhfuil measúnú á dhéanamh ar ionaid den chineál sin laistigh de, ag cur san áireamh réimse critéar, ar nós líon na gcásanna, cóngaracht do mhalairt ionaid, staid fhisiceach an fhoirgnimh, cillíní a bheith ar fáil, etc. Cuirtear an tionchar dóchúil ar ghníomhaireachtaí eile Ceartais, ar nós an Gharda Síochána agus Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, san áireamh freisin. Rinneadh réimse ionad ar fud an náisiúin a shainaithint san athbhreithniú a bhféadfaí, bunaithe ar na critéir a cuireadh i bhfeidhm, breithniú a dhéanamh maidir lena ndúnadh, faoi réir measúnaithe mhionsonraithe agus cás gnó a ullmhú i leith gach ionaid a sainaithníodh, agus tá tús curtha leis sin anois.

Tá curtha in iúl ag an tSeirbhís Chúirteanna dom go bhfuil próiseas comh-chomhairliúcháin curtha i gcrích i leith Chill Rónáin, Dhoire an Fhéich agus an Spidéil agus cuirfear na tuairimí a léiríodh san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta, ar gnó é sin do Bhord na Seirbhíse Cúirteanna. Tá ráite ag an tSeirbhís Chúirteanna freisin go ndéanfar cás gnó a ullmhú anois agus, má táthar chun a mholadh go ndéanfaí aon cheann de na hionaid thuas a dhúnadh, tabharfar deis eile do na daoine a ndeachthas i gcomhairle leo chun aighneachtaí a dhéanamh agus déanfaidh Bord na Seirbhíse Cúirteanna na haighneachtaí sin a bhreithniú. Is é Bord na Seirbhíse Cúirteanna a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Justice and Equality an bhfuil sé i gceist oifig na Cúirte Dúiche do dheisceart Chonamara a fhágáil oscailte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5357/13]

Photo of Alan ShatterAlan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is í an tSeirbhís Chúirteanna, atá neamhspleách i bhfeidhmiú a feidhmeanna, atá freagrach as bainistiú na gcúirteanna.

Chun cuidiú leis an Teachta, áfach, chuir mé fiosrúcháin á ndéanamh agus tá curtha in iúl dom ag an tSeirbhís Chúirteanna gur chinn an tSeirbhís le gairid an Oifig Chúirte Dúiche i nDeisceart Chonamara (Doire an Fhéich) a dhúnadh. Agus todhchaí na hoifige á breithniú aici, rinne an tSeirbhís roinnt roghanna a bhí ar fáil a mheasúnú ach ní fhéadfadh an tSeirbhís coinneáil na hoifige a chosaint. Dhéileáil an oifig le líon fíorbheag cásanna agus measadh gurbh í an rogha go ndéanfaí í a chónascadh leis an oifig chúirte i nGaillimh an rogha ab inmharthana.

Tuigtear dom go bhfuil comhionann is ball lánaimseartha foirne amháin ag an Oifig, le ball foirne eile ó oifig na Gaillimhe de bhreis air sin 2-3 lá sa tseachtain. Déanann an Bainisteoir Seirbhíse Cúirteanna atá bunaithe in oifig chúirte na Gaillimhe í a bhainistiú. Tá na cláraitheoirí a shuíonn i gcúirt i nDoire an Fhéich ar fostú ag oifig chúirte na Gaillimhe freisin. Tá curtha in iúl dom go ndearnadh breithniú iomlán ar shuíomh Gaeltachta na hoifige agus ar an ngá le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge don phobal áitiúil. Tá curtha in iúl dom ag an tSeirbhís gur deimhin leis an tSeirbhís go mbeidh Oifig na Gaillimhe in ann seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge do lucht úsáidte cúirte. Cuirtear seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge cheana féin in Oifig na Gaillimhe de réir mar is gá. Tuigtear dom go gcuirfidh ball foirne ó Ghaillimh seirbhís theoranta oifige ar fáil i nDoire an Fhéich le linn na laethanta nuair a bheidh an chúirt ina suí. Tá tugtha le fios ag an tSeirbhís go ndéanfar monatóireacht leanúnach air seo go ceann thréimhse trí mhí agus go mbreithneofar ansin an indéanta leanúint ag coinneáil na seirbhíse ar siúl bunaithe ar éileamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.