Written answers
Thursday, 31 January 2013
Department of Agriculture, Food and the Marine
Íocaíochtaí Deontas
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin scéim um chosaint na timpeallachta Tuaithe do 2012 le duine (sonraí curtha ar fáil); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4959/13]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Thosaigh an duine ainmnithe REPS 4 i mí Aibreáin 2008 agus fuair sé íocaíochtaí do na chéad cheithre bliana dá chonradh. Is beart é REPS 4 faoin Scéim Forbartha Tuaithe 2007-13 agus tá sé faoi réir Rialacháin AE ina n-éilítear go ndéantar seiceálacha riaracháin ar gach iarratas a chomhlánú sular féidir aon íocaíochtaí a eisiúint. Tá an próiseas seo ag teacht chun críche i leith an duine ainmnithe agus tá súil agam go ndéanfar na híocaíochtaí a eisiúint go luath.
No comments