Written answers

Thursday, 31 January 2013

Department of Environment, Community and Local Government

Deontais faoi Údarás na Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an bhfuil sé i gceist aige deontas méadaithe 50% a chur ar fáil do dhaoine ar oileáin amach ón gcósta nach bhfuil ceangailte leis an mórthír le droichead chun uasghrádú a dhéanamh ar a gcuid córais eisiltigh de bharr an chostais bhreise a bhaineann le tógáil ar oileáin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5016/13]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhógair mé le déanaí go raibh sé ar intinn agam scéim deontais a chur ar fáil le cúnamh airgeadais a sholáthar do theaghlaigh lenar gá dóibh feabhsúchán nó ceartú a dheanamh ar a mhúnlaigh umair agus a gcórais chóireála fuíolluisce tar éis iniúchadh faoin Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú) 2012. Tá foráil le haghaigh na scéime á dhéanamh i Vóta mo Roinne do 2013. Bainfidh an scéim le córais cóireála atá cláraithe ag an dáta dlite, 1 Feabhra 2013, agus gur gá oibreacha feabhais a chur i gcrích mar gur theip ar an gcóras le linn iniúchadh a rinneadh faoin Acht 2012. Brathann an méad deontais a bheidh ar fáil ar chostas na feabhsúcháin a chaithfear a dheanamh agus ioncam an teaghlaigh lena mbaineann an córas. Beidh leibhéal níos airde tacaíochta ar fáil do theaghlaigh ar ioncaim íseal. Beidh sonraí iomlána na scéime leagtha amach i rialacháin nua a thabharfaidh mé chun críche sara thosnaíonn na hiniúchtaí níos déanaí i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.