Written answers

Thursday, 31 January 2013

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Seirbhísí Leathanbhanda

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources cad iad na pleananna atá aige chun forbairt a dheánamh ar an ngréasán idirlín leathanbhanda sa Ghaeltacht; an leagfaidh sé amach an dul chun cinn atá déanta ar fhorbairt an ghréasáin sin go dtí seo; an dóigh leis go bhfuil tionchar ag an easpa idirlín leathanbhanda ar chruthú post; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4920/13]

Photo of Pat RabbittePat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gné riachtanach is ea lúdracht leathanbhanda, mar infreastruchtúr cumasúcháin d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta, i dtaca le fás inmharthana geilleagrach amach anseo agus tá sé práinneach ó thaobh an Rialtais de. Maidir le beartas teileachumarsáide de, tá ról lárnach ag na Roinn maidir le réimse tacaíochta reachtaíochta agus rialála a sholáthar ina bhfuil iomaíocht, agus in ar féidir leis an earnáil phríobháideach infheistíocht a dhéanamh.

Tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas maidir le comharthaí agus luas infreastruchtúr náisiúnta leathanbhanda agus tá comhlachtaí tráchtála éagsúla ag soláthar seirbhísí trí theicneolaíochta éagsúla. Chuir an Rialtas tionscnaimh éagsúla i bhfeidhm chun leathanbhanda a chur ar fáil in áiteanna sa tír nach raibh comhlachtaí tráchtála in ann seirbhísí a sholáthar iontu. Idir infheistíocht phríobháideach agus idirghabháil an Rialtais, chomhlíon Éire sprioc Chlár Digiteach Choimisiún an AE don Eoraip, seirbhís bhunúsach leathanbhanda a bheith ar fáil i ngach ceantar roimh 2013.

Tuigeann an Rialtas, tríd an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a d’fhoilsigh mé ar an 30 Lúnasa anuraidh, gurab í an príomhsprioc anois, leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do chách. Tá an Plean dírithe ar leathanbhanda ardluais a chur ar fáil ar fud na tíre trí chinntiú go mbeidh seirbhísí ardluais 30Mbps ar a laghad ar fáil do gach saoránach agus gnó i bhfad roimh spriocdháta an AE, 2020.

Tá ré nua i ndán d’Éirinn mar sin i dtaca le hinfheistíocht ón earnáil phoiblí agus phríobháideach ina mbeidh luas i bhfad níos airde ar fáil ar fud na tíre. Nuair a bhí Plean Náisiúnta Leathanbhanda na hÉireann á ullmhú, shonraigh na comhlachtaí tráchtála go raibh súil acu seirbhísí 70Mbps go dtí 100Mbps a chur ar fáil do 50% den daonra roimh 2015. Tá an earnáil thráchtála ag déanamh na n-infheistíochtaí seo i seirbhísí ardluais cheana go háirithe i gceantair uirbeacha agus leathuirbeacha. Tá an Rialtas tiomanta freisin ar Phlean maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i gceantair nach mbeadh seirbhísí ardluais inmharthana ar bhonn eacnamaíoch de, agus nach gcuirfidh comhlachtaí tráchtála na seirbhísí ar fáil iontu.

Tá mo Roinn ag ullmhú plean náisiúnta mapála lena fháil amach cá háit a éireoidh leis an mhargadh agus cá háit nach n-éireoidh leis an mhargadh maidir le leathanbhanda ardluais a sholáthar sna blianta romhainn. Léireoidh seo an leibhéal idirghníomhaíochta a bheidh riachtanach ón Rialtas agus na ceantair ina mbeidh sé riachtanach don Rialtas infheistíocht a dhéanamh. Tríd an Phean Náisiúnta Leathanbhanda, tá muid tiomanta ar luasanna don chéad ghlúin eile den leathanbhanda a mhéadú go mór, lena chinntiú gur féidir le gach saoránach agus gnó, iad siúd sa Ghaeltacht san áireamh, cumarsáid digiteach a bheith ar fáil acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.