Written answers

Thursday, 31 January 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Fostaíocht Ghaeltachta.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé míniú ar an meath a tháinig ar fhostaíocht i gcliantchuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta i 2012; cad iad na pleananna atá ann chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht; cén infheistíocht a dhéanfar chun poist a chruthú i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4919/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is gnáth-chuid den saolré gnó é go gcailltear méid áirithe post go bliantúil de réir mar a athraíonn treochtaí na n-earnálacha agus de réir mar a dhéanann fiontair athstruchtúrú ar a ngnó chun feabhas a chur ar a gcumas iomaíochta. D’ainneoin sin, bhí an líon post a cailleadh in 2012 i gcliant-chomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta ar an ráta caillteanais post is lú le breis agus deich mbliana anuas. Tuigim ón Údarás go bhfuil an bonn fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta anois ag leibhéal seasmhach agus go bhfuil na comhlachtaí féin níos iomaíche agus dírithe níos mó ar easpórtáil. Tháinig ardú ar an leibhéal fostaíochta i gcomhlachtaí a bhí ag feidhmiú sna hearnálacha cógaisíochta, feistí leighis, bia agus saindéantúsaíochta le linn na bliana agus lean an leibhéal díolacháin agus fostaíochta ag fás i gcomhlachtaí easpórtála.

De réir ráiteas deireadh bliana Údarás na Gaeltachta a foilsíodh an tseachtain seo caite, cruthaíodh 700 post nua i gcliant-chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2012. Bhí 7,553 post san iomlán sna cliant-chomhlachtaí ag deireadh na bliana, comhdhéanta de 6,933 post lánaimseartha agus 620 post páirtaimseartha. Tuigim gur ceadaíodh tograí i rith 2012 ina mbeidh suas le 460 post nua measta á gcruthú iontu agus infheistíocht iomlán mheasta de €37 milliún ag baint leo nuair a bheidh siad faoi lán seoil. Beidh go leor de na poist seo ag teacht chun tosaigh in 2013 agus sna blianta beaga ina dhiaidh sin. Is údar dóchais é chomh maith gur cheadaigh an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail tacaíocht do 220 post nua breise do chliant-chomhlacht de chuid an Údaráis atá lonnaithe i gConamara in 2012.

Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin go mbeadh sé d’acmhainn ag an Údarás tacú le poist nua leis an leibhéal fostaíochta sa Ghaeltacht a choinneáil slán agus bunús fáis don todhchaí a chinntiú. Dá bhrí sin, faoi réir na Meastachán Athbhreithnithe 2013 a bheith faofa, tá suim iomlán de €18.6m curtha ar fáil i Vóta mo Roinne d’Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha chun cuidiú leis a chuid spriocanna a bhaint amach. Anuas air sin, tá cead ag an Údarás an fáltas a fhaightear ó dhíol maoine a athinfheistiú ina chláir chaipitil. Tuigim go mbeidh fáil ar thuairim is €2m eile i mbliana chun na críche sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.