Written answers

Wednesday, 30 January 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seachtain na Gaeilge 2013

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad atá eagraithe aige le haghaidh Sheachtain na Gaeilge 2013. [4709/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féile idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a reáchtáiltear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Is é Conradh an Gaeilge a eagraíonn an fhéile a bheidh ar siúl i mbliana ón 4 go 17 Márta 2013. Tuigtear dom go mbeidh na céadta imeachtaí á n-eagrú, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain mhóir. Tréaslaím le gach duine a bheidh páirteach in eagrú na n-imeachtaí éagsúla as a dtionscnaíocht agus as a ndúthracht.

Ní miste a rá nach í Seachtain na Gaeilge amháin atá á ceiliúradh ag Conradh na Gaeilge i mbliana. Tá Bliain na Gaeilge eagraithe ag an gConradh fosta mar chomóradh ar bhunú na heagraíochta 120 bliain ó shin. Tuigtear dom go mbeidh imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mar chroílár an cheiliúrtha ar Bhliain na Gaeilge. Tá eolas maidir leis na tionscnaimh seo le fáil ar na suíomhanna gréasáin agus .

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.