Written answers
Tuesday, 22 January 2013
Department of Agriculture, Food and the Marine
Scéim Limistéar faoi Mhíbhuntáiste
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
536. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hAchomharc ar Mhaolú atá déanta ag feirmeoir (sonraí leis seo) [2530/13]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoin Scéim Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012, tá dhá chritéar le comhlíonadh maidir le capaill. Sa chéad áit, ní mór don ghabháltas an sainmhíniú a chomhlíonadh maidir le bheith ina Fhiontar Póraithe Chapall agus sa dara háit, ní mór do na capaill, d'fhonn a bheith curtha san áireamh chun críocha dlúis stocála, a bheith idir bliain amháin agus cúig bliana d'aois agus, san áit ina bhfuil siad níos sine, ní mór dóibh a bheith ina láir pórúcháin chun críocha na Scéime.
I gcás an duine ainmnithe, cé go gcomhlíonann an gabháltas an sainmhíniú maidir le bheith ina Fhiontar Póraithe Chapall, faraor, ós rud é go bhfuil trí chapall as na ceithre chapall ar cuireadh pasanna ar fáil dóibh, níos sine ná cúig bliana d'aois agus nach gcomhlíonann siad an sainmhíniú maidir le bheith ina láir pórúcháin, ní féidir iad a chur san áireamh chun críocha dlúis stocála. Dá bhrí sin, níl an duine ainmnithe incháilithe faoin Scéim 2012.
No comments