Written answers

Thursday, 20 December 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil soláthar déanta i meastacháin 2013 maidir le tairiscint a iarraidh chun céibh Inis Oírr a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57716/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá an leithdháileadh do mo Roinnse i dtaca le gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán foilsithe don bhliain 2013. Beidh soláthar de tuairim is €0.68m ar fáil d'fhorbairtí caipitil ar na hoileáin don bhliain seo chugainn. Is figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastachán a bheith foilsithe agus faofa i mí Feabhra 2013. Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, nach leor an soláthar sin le go mbeidh ar chumas mo Roinne cuidiú le Comhairle Contae na Gaillimhe tabhairt faoi mhór-fhorbairt ar an gcé ar Inis Oírr in 2013.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.