Written answers
Thursday, 20 December 2012
Department of Education and Skills
Clár Tógála Scoileanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Education and Skills cén dul chun cinn atá déanta maidir le cóiríocht bhuan a chur ar fáil do Ghaelscoil de hÍde ar an Órán Mór, Co. na Gaillimhe, cad é údar na moille leis an togra seo le bliain anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57708/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireadh tionscadal mór caipitil don scoil dá dtagraíonn an Teachta san áireamh sa chlár 5 bliana infheistíochta caipitil a fógraíodh siar sa bhliain, le súil go dtosófaí ar an dtógáil in 2015/2016.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Education and Skills cé mhéad scoil a bhfuil céim 2B den phróiseas tógála críochnaithe acu, idir scoileanna céad leibhéil agus dara leibhéal, agus nach bhfuil san áireamh i bplean tógála cúig bliana na Roinne, cad iad ainmneacha agus cad í uimhir rolla gach scoile acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57710/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá naoi dtionscadal ann faoi láthair a bhfuil céimden phleanáil ailtireachta críochnaithe acu agus nach bhfuil curtha san áireamh sa chlár tógála chúig bliana. Orthu seo tá 6 Bhunscoil agus 3 Iar-bhunscoil. Féach an tábla leis seo le do thoil. Mar gheall ar éilimh iomaíocha ar bhuiséad caipitil mo Roinne, de bharr an riachtanais le tús éilimh ar an maoiniú teoranta a thabhairt do chóiríocht bhreise a sholáthar chun freastal ar na héilimh mhéadaitheacha dhéimeagrafacha, níorbh fhéidir na tionscadail seo a chur san áireamh sa chlár tógála chúig bliana a fógraíodh siar sa bhliain.Cuirfear ar aghaidh scoileanna nach raibh san áireamh sa chlár tógála chúig bliana, ach a bhí fógartha ar dtús le bheith san áireamh sa chlár tógála, chuig na céimeanna deiridh pleanála le súil go mbeidh maoiniú breise ar fáil do mo Roinn sna blianta amach anseo. Tá na tionscadail dá dtagraíonn an Teachta ar fáil i gcónaí lena bhreithniú do chur ar aghaidh sa chomhthéacs sin.
Tionscadail Tógála Scoile a bhfuil Céim 2(b) den Phleanáil Ailtireachta críochnaithe acu agus nach bhfuil san áireamh sa Chlár Tógála Chúig Bliana (19/12/2012)
School Name | Address | County | Roll Number |
---|---|---|---|
Gaelscoil Mhic Amhlaigh | Knocknacarra | Galway | 19994G |
Sn Sailearna | Indreabhán | Galway | 12706J |
Holy Family NS | Ballyshannon | Donegal | 20150H |
Sn Cill Criodain | Ladysbridge | Cork | 19351K |
St Johns & St Pauls NS | Rathmullan | Louth | 19479N & 19678T |
Scoil Iosagain | Farranree | Cork | 18786R |
St Patricks Cathedral Grammar School | St Patrick’s Close | Dublin | 60660I |
Holy Rosary College | Mountbellew | Galway | 63090I |
St Raphael’s College | Loughrea | Galway | 60370C |
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Education and Skills cé mhéad scoil atá ar chéim 2B den phróiseas tógála, idir scoileanna céad leibhéil agus dara leibhéal, agus nach bhfuil san áireamh i bplean tógála na Roinne, cad iad ainmneacha agus cad í uimhir rolla gach scoile acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57711/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá 29 tionscadal atá ar céim 2(b) den phleanáil ailtireachta faoi láthair nach bhfuil san áireamh sa chlár tógála chúig bliana. Tá 21 Bhunscoil agus 8 Iar-bhunscoil ina measc seo. Tá sonraí faoi na tionscadail seo san áireamh sa tábla leis seo.
Mar gheall ar éilimh iomaíocha ar bhuiséad caipitil mo Roinne, de bharr an riachtanais le tús éilimh ar an maoiniú teoranta a thabhairt do chóiríocht bhreise a sholáthar chun freastal ar na héilimh mhéadaitheacha dhéimeagrafacha, níorbh fhéidir na tionscadail seo a chur san áireamh sa chlár tógála chúig bliana a fógraíodh siar sa bhliain.
Cuirfear scoileanna nach raibh san áireamh sa chlár tógála chúig bliana, ach a bhí fógartha le bheith san áireamh ar dtús sa chlár tógála, ar aghaidh chuig na céimeanna deiridh pleanála le súil go bhféadfadh maoiniú breise a bheith ar fáil do mo Roinn sna blianta amach anseo. Tá na tionscadail ar fáil i gcónaí lena mbreithniú do chur ar aghaidh sa chomhthéacs sin.
County | School Name | Address | Roll Number |
---|---|---|---|
Carlow | St Mary’s NS | Bagenalstown | 11135K |
Cavan | Virginia Mixed NS | Virginia | 16083T |
Cork County | Sn Mhuire, | Glenville | 17848I |
Cork County | Scoil An Athar Tadgh | Carrignavar | 19415K |
Dublin | Howth Road NS, | Clontarf | 13815T |
Dublin Belgard | Scoil Mhuire | Lucan | 13447Q |
Dublin Belgard | Sancta Maria College | Rathfarnham | 60341P |
Dublin City | St Marys Central NS. | Donnybrook | 19727G |
Dublin City | St Laurence O’ Tooles Special School | Seville Place | 19819L |
Dublin Fingal | St Oliver Plunkett | Malahide | 17914S |
Dublin Fingal | Castleknock Community College | Castleknock | 76062B |
Galway | Scoil Naomh Mhuire | Maree | 18089S |
Galway County | Scoil an Chroi Naofa | Ballinasloe | 20042E |
Galway County | Scoil Phobail Clifden | Clifden | 91412M |
Kildare | St Laurences NS | Crookstown | 09414C |
Limerick County | Scoil Mocheallóg | Killmallock | 20193C |
Louth | S N Tigh an Uibhir | Tenure | 18635T |
Mayo | SN Muine Chonallain | Ballina | 13667H |
Meath | S N Naomh Padraig | Baconstown | 02905J |
Meath | Boyne Community School | Trim | 91508C |
Monaghan | Ardscoil Lorgan | Castleblayney | 72190N |
Roscommon | Cloonakilla NS | Bealnamulla | 18395C |
Tipperary | Sacred Heart Primary School, | Roscrea | 18435L |
Tipperary | Our Lady's Secondary School | Templemore | 65440T |
Westmeath | Odhran Naofa NS | Mullingar | 17932U |
Wexford | SN Mhuire | Barnstown | 17913Q |
Wexford | St Aidans Parish School | Enniscorthy | 20003R |
Wexford | Colaiste Abbain | Enniscorthy | 71600B |
Wicklow | St Brendan's College | Bray | 61790D |
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Education and Skills cad é an staid reatha maidir leis an iarratas ó Scoil Shailearna ar airgead le síneadh a chur leis an scoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57712/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an tionscadal tógála don scoil dá dtagraíonn an Teachta ag ardchéim phleanáil ailtireachta faoi láthair. Thug mo Roinnse faomhadh d'aighneacht Chéim 2b (Dearadh Mionsonraithe) le déanaí.
No comments