Written answers

Tuesday, 18 December 2012

Department of Education and Skills

Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Education and Skills cén fáth ar ghlac sé an cinneadh chun an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta; an féidir leis a chur in iúl go cruinn cén coigilteas airgid a bheidh déanta de bharr an cinneadh sin a dhéanamh; an ndeachaigh sé i gcomhairle le bord COGG sular glacadh an cinneadh; an ndeachaigh sé i gcomhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a mbíonn COGG ag freastal orthu lena dtuairim a lorg sula ndearnadh an cinneadh; an dóigh leis, ar bhreathnú siar, gurbh fhearr an cinneadh a fhreaschur. [56959/12]

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Education and Skills cén fáth ar thug sé neamhaird ar mholtaí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030 nuair a rinne sé an cinneadh chun an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta; cén fáth nár chloígh sé le moltaí na Straitéise go mbeadh príomhról ag COGG agus go mbeadh COGG ar an ngrúpa ardleibhéil straitéise; an bhféadfadh an tAire a mhíniú cén fáth nach bhfuil sé ag cloí le moltaí na Straitéise nuair nach bhfuil fiú coigilteas airgid i gceist; an gciallaíonn sé seo nach bhfuil an tAire ag tabhairt tacaíocht don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; céard is fiú straitéis a bheith ann mura bhfuil na rannóga rialtais sásta í a chur san áireamh. [56960/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 264 and 265 together.

Táim ag déanamh mo dhícheall chun a chinntiú go mairfidh COGG. Rinne mé an cinneadh COGG a chomhtháthú isteach sa CNCM, ní amháin i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliana ach i gcomhthéacs Acht na Gaeltachta 2012 chomh maith. Creidim gurb é seo an bealach is fearr le gabháil ar aghaidh mar go ligfidh sé do COGG a chuid feidhmeanna Gaeilge a chomhlíonadh i gcónaí mar atá siad leagtha amach in Alt 31 den Acht Oideachais, 1998. Chuir mé an cinneadh seo in iúl don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus tar éis dom faisnéis a thabhairt don Choiste Comh-aireachta um an Ghaeilge agus an Ghaeltacht táim ag cur an chinnidh sin i bhfeidhm le lántacaíocht ón gCoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.