Written answers

Tuesday, 18 December 2012

Department of Education and Skills

Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal North East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Education and Skills an dtuigeann sé an baol a bhaineann leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a lonnú san fhoirgneamh céanna leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, mar ós fíric idirnáisiúnta í go dtéann mórtheanga i bhfeidhm ar mhionteanga agus ós rud é go mbeidh i bhfad Éireann níos mó daoine ag obair le CNCM tá an-bhaol ann do theanga oibre COGG; ag breathnú siar anois air, an fearr an cinneadh maidir le CNCM agus COGG a lonnú le chéile a fhreaschur; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56596/12]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal North East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Education and Skills an mbeidh sé de dhualgas ar fhoireann na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, níos mó Béarla a úsáid ina gcuid oibre de thoradh an chinnidh a rinne sé COGG a chur faoi choimirce na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta; ag breathnú siar anois air, an fearr an cinneadh sin a fhreaschur; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56597/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé de rún agam Ceisteanna Uimh. 226 and 227 a fhreagairt le chéile. Bheinn ag súil le COGG a bheith ag cur a chuid feidhmeanna reachtúla i gcrích i gcónaí de réir mar a bhaineann leis an nGaeilge, trí Ghaeilge, agus ag déanamh cumarsáid leis an bpobal sa chaoi chéanna is a ndéanann siad faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.