Written answers

Thursday, 13 December 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na bhFoghlaimeoirí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén caiteachas a rinneadh ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, cé mhéad dalta ar íocadh deontas ina leith do gach bliain ó 1997 i leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56084/12]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén ráta íocaíochta a bhí ann i leith daltaí a d’fhan i dtithe Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ón mbliain 1997 i leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56085/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 108 and 109 together.

Tá an t-eolas ata iarrtha ag an Teachta i bhfoirm tábla thíos. Ní miste a lua go bhfuil líon na bhfoghlaimeoirí a bhí ar iostas i mbrúnna sa Ghaeltacht agus i dtrí cinn de choláistí cónaithe seanbhunaithe taobh amuigh den Ghaeltacht san áireamh. Tá líon na ndaoine fásta a d’fhreastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht san áireamh freisin.

Maidir leis an ráta íocaíochta, íocadh an ráta céanna deontais i leith foghlaimeoirí a bhí ar iostas i mbrúnna ó 2001 go 2011 agus a íocadh leis na teaghlaigh. Íocadh deontas de €5.00 in aghaidh an lae i leith foghlaimeoirí a bhí ar iostas i mbrúnna i 2012.

Bliain
Líon Foghlaimeoirí
Ráta Deontais
Caiteachas na Roinne
1997
23,709
£4.00
£1,860,288
1998
24,116
£4.40
£2,074,119
1999
23,551
£4.40
£2,023,633
2000
24,104
£5.00
£2,333,586
2001
24,642
£5.50
£2,640,146
2002
25,430
€7.00
€3,466,767
2003
24,859
€8.00
€3,770,117
2004
24,577
€8.00
€3,638,029
2005
25,203
€9.00
€4,260,625
2006
26,645
€9.50
€4,816,150
2007
26,271
€10.50
€5,294,957
2008
28,112
€10.50
€5,593,486
2009
27,443
€10.50
€5,593,458
2010
25,120
€10.00
€4,727,849
2011
24,714
€9.50
€4,446,159
2012
23,840
€9.50
€4,051,424

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad na hathruithe a chuir sé ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge don bhliain 2012, cé mhéad airgid a shábháil gach athrú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56086/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, tá áthas orm a rá go raibh ar mo chumas an deontas laethúil céanna a íoc leis na teaghlaigh in 2012 agus a íocadh in 2011. Ag an am céanna, bhí ar mo Roinn, ar nós gach Roinn eile, sábháil a dhéanamh agus rinneadh leasuithe áirithe dá réir ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Laghdaíodh an deontas laethúil i leith foghlaimeoirí a bhí ar iostas i mbrúnna go €5.00 in 2012. Rinneadh sábháil de €180,000 mar thoradh air seo in 2012.

Cé nár laghdaíodh líon na bhfoghlaimeoirí a bhí ceadaithe a bheith ar iostas le teaghlaigh faoin scéim in 2012, níor íocadh deontas ach i leith uasmhéid de 14 foghlaimeoir in aon teaghlach. Tá sé seo ag teacht leis an moladh a rinneadh sa tuarascáil ‘Athbhreithniú ar chóras na gColáistí Samhraidh’ a foilsíodh in 2000. Glactar leis gur fearr a n-éiríonn leis an gcaidreamh idir teaghlaigh agus foghlaimeoirí nuair nach mbíonn líon mór foghlaimeoirí ag fanacht leis an teaghlach. Meastar go raibh sábháil de thart ar €60,000 mar thoradh air seo in 2012.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.