Written answers

Thursday, 13 December 2012

Department of Agriculture, Food and the Marine

Calafoirt agus Céanna

Photo of Seán FlemingSeán Fleming (Laois-Offaly, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil in 2013 agus 2014 do chalafort domhain-uisce i Ros an Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55984/12]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann an Clár Forbartha Caipitil Infreastruchtúir Cósta agus Chuanta Iascaigh, a ndéanann mo Roinnse riaradh air ar bhonn bliantúil, maoiniú ar fáil d’oibreacha caipitil ag sé Ionad Cuain Iascaigh lena n-áirítear Ros an Mhíl.

Tá dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas ar chlár céimithe d’fhorbairt infreastruchtúir ag Ionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl faoinar déanadh infheistíocht shuntasach (suas le €14 milliún) sa chuan. Infheistíocht faoinar déanadh báisín an chuain a dhreidgeáil, pontúin nua-aimseartha do bháid farantóireachta a dhéanamh agus a fheistiú a chuireann áit bordála den chéadscoth ar fáil do mhuintir Árann agus do chuairteoirí chomh maith leis an gcuan a réiteach ina chuan d’árthaigh bheaga. Ó bhliain go bliain a leithroinntear maoiniú faoin gClár Forbartha Caipitil Cósta agus Chuanta Iascaigh de réir mar a bhíonn acmhainní Státchiste ar fáil. Breithnítear tionscadail, lena n-áirítear cé domhain-uisce ag Ionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl, do mhaoiniú gach bliain de réir an mhaoinithe Státchiste a bhíonn ar fáil chomh maith le tionscnaimh eile tús áite a bheadh i gcomórtas leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.