Written answers

Thursday, 6 December 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Íocaíochtaí Deontas

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad deontas a ceadaíodh do Chomhar Chuigéil ó 2007 go dáta, cé mhéad deontas díobh sin a íocadh amach, cén méid den airgead a ceadaíodh atá fós gan tarraingt, céard a chaithfear a dhéanamh leis an airgead seo a fháil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54958/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Seo a leanas sonraí na ndeontas atá ceadaithe do Chomhar Chuigéal Teo. faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne ó 2007 go dáta:

Sonraí an deontaisCeadaithe
Íoctha
Fuílleach
Obair athchóirithe ar an gclós (2008)30,58220,182.0610,399.94
Athchóiriú an chórais séarachais (2012)18,222018,222.00
Iomlán48,80420,182.0628,621.94

Sa chaoi is go mbeifear in ann fuílleach an dá dheontais thuasluaite a chúiteamh, bheadh gá bailchríoch a bheith curtha leis an ngné a bhaineann leis an ngníomhas cúnaint agus muirir. Tuigtear dom go bhfuil an t-ábhar seo á leanúint suas leis na páirtithe cuí. Maidir leis an deontas i leith an chórais séarachais, ní foláir don iarratasóir na coinníollacha eile a cuireadh leis an deontas ag am a cheadaithe a chomhlíonadh. Tuigtear dom go bhfuil sé sin mínithe don chomharchumann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.