Written answers

Thursday, 29 November 2012

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Seirbhísí Leathanbhanda sa Ghaeltacht

Photo of Sandra McLellanSandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources an ndéanfaidh sé ráiteas ar na bearta atá tógtha ag an Rialtas chun fostaíocht san earnáil TCF a mhealladh go dtí an Ghaeltacht; agus cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh clúdach leathanbhanda a leathnú chun cabhrú leis an bhfostaíocht sin a mhealladh. [52972/12]

Photo of Pat RabbittePat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é aidhm Scéim Leathanbhanda Náisiúnta an Rialtais atá foilsithe le déanaí, ná an tírphictiúir leathanbhanda a athrú go radacaí lena chunntiú go mbeidh seirbhísí ard-luasa 30Mbps ar a laghad a chur ar fáil dar saoránaigh agus lucht gnó tamall maith roimh 2020, sprioc dáta an AE, agus chomh maith leis sin go mbeidh seirbhísí níos luaithe ar fáil d’ oiread teaghlaigh agus lucht gnó is féidir.

Is é ceann de na phríomh bearta i seachadadh na gealltanais 30Mbps agus 40Mbps ná an tasc mapáil náisiúnta, foirmealtá a chriochnú chun eolas cruinn a fháil maidir leis na sóláthraithre seirbhísí tráchtalá atá ann anois agus atá pleanáilte ar fud na tíre. Chun an tasc seo a bhrostú tá obair ullúmhcháin tosnaithe ag mo Roinn.

Athdheirim go bhfuil an Rialtas tiomanta na luasanna thuasluaite a sheachadadh lena chinntiú go mbeidh seirbhísí nua-aimseartha, árd luasa, leathanbhanda ar fáil i ngach chuid den tír, an Ghaeltacht iniatach.

Tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht do ghnólachtaí atá ag plé le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide i roinnt ceantar Gaeltachta. Chomh maith le sin, tá dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh an bhonneagair theileachumarsáide de le blianta beaga anuas agus tá seirbhís leathanbhanda ard-luais iomaíoch ar fáil sa Ghaeltacht, atá in ann freastal ar bheagnach gach uile riachtanas cumarsáide gnó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.