Written answers
Wednesday, 28 November 2012
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Tuarastail Rannach
Caoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé tar éis iarraidh ar aon bhall foirne ina Roinn, nó atá i gcomhlacht faoi scáth a Roinne, atá ag saothrú níos mó ná €200,000 sa bhliain mar thuarastal, 15% dá dtuarastal, nó an méid dá dtuarastal bliantúil atá os cionn €200,000, cibé acu is lú, a tharscaoileadh; agus má tá sin déanta aige, cén dáta ar a ndearna sé an teagmháil sin den chéad uair; cén líon de bhaill foirne a bhí ag saothrú tuarastail os cionn €200,000 ar an dáta sin; cén líon de bhaill foirne a thoiligh don iarratas sin; cén líon a dhiúltaigh don iarratas agus cén líon nár thug freagra ar an iarratas. [52976/12]
Sandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sé tábla ar fáil a léiríonn an líon foirne atá ina Roinn, nó i gcomhlachtaí atá faoi scáth na Roinne, a raibh a luach saothair bliantúil, ar an 31 Nollaig 2011, lena n-áirítear tuarastal, pinsean agus sochair, os cionn €400,000, idir €300,000 agus €399,000, idir €200,000 agus €299,999, idir €150,000 agus €199,000, agus an dtabharfaidh sé miondealú ar na poist a bhí ag na daoine sna bandaí thuas [52975/12]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 39 agus 46 le chéile.
Tá sonraí sa tábla thíos den líon ball foirne de chuid mo Roinnse agus de chuid chomhlachtaí a thagann faoi choimirce mo Roinnse, mar aon leis na gráid ábhartha, sna réimsí tuarastal a luaitear.
Réimse tuarastal € | Líon foirne | Grád na foirne |
---|---|---|
€400,00 agus níos mó | - | Ní bhaineann |
€300,000 go €399,999 | - | Ní bhaineann |
€200,000 go €299,999 | - | Ní bhaineann |
€150,000 go €199,000 | 1 | Ard-Rúnaí |
Mar is léir ón tábla, ní raibh aon bhall foirne de chuid mo Roinnse ná de chuid chomhlachtaí a thagann faoi choimirce mo Roinnse ag fáil luach saothair bliantúil ag leibhéal os cionn €200,000 ag 31 Nollaig 2011. Is amhlaidh atá i gcónaí.
No comments