Written answers

Wednesday, 28 November 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Michael ColreavyMichael Colreavy (Sligo-North Leitrim, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé míniú ar na critéir a d’úsáid sé chun baill Bhord nua Údarás na Gaeltachta a roghnú, ar chuir an tAire critéir ar nós taithí i bpleanáil teanga, i bhfiontar, agus i bhforbairt pobail san áireamh, ar chuir sé san áireamh an raibh buntáiste ag baint le duine a bheith ina chónaí nó ina cónaí sa Ghaeltacht, cén fáth nach bhfuil, i gcomhréir leis an gcleachtas Eorpach is fearr, 40% ar a laghad de Bhord Údarás na Gaeltachta ina mná, an bhfuil, ina thuairim, an bord nua ionadaíoch do phobail na Gaeltachta i gcoitinne, agus cé na bearta a thóg sé chun a chinntiú go raibh sé ionadaíoch, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [52978/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I gcomhréir le dea-chleachtas an Rialtais deiseanna a chur ar fáil do dhaoine ar suim leo feidhmiú ar bhoird Stáit, d’fhógair mo Roinn ar 30 Iúil 2012 go raibh léirithe spéise á lorg ó dhaoine a raibh suim acu a bheith ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta. Chuige sin, iarradh orthu iarratais a chur chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag .

Fuarthas 68 léirithe spéise mar fhreagra ar an bhfógra seo, 55 díobh ó fhir agus an 13 eile ó mhná. Ní miste dom a mhíniú don Teachta nach próiseas iomaíoch a bhí i gceist agus gur cuireadh in iúl go sonrach san fhógra poiblí go mbeadh an cinneadh deiridh maidir leis na ceapacháin ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Chun an próiseas seo a éascú, tugadh cuireadh do dhaoine sonraí a thabhairt maidir lena gcuid fostaíochta agus a gcuid cáilíochtaí acadúla chomh maith le léargas a thabhairt maidir lena gcumas sna hinniúlachtaí seo a leanas:

- Taithí ar bhainistiú gnó/bhainistiú airgeadais/iniúchadh airgeadais

- Taithí ar rialachas corparáideach

- Taithí ar bhainistiú acmhainní daonna agus ar fhorbairt straitéisí eagraíochtúla

- Taithí ar bhainistiú agus ar phleanáil straitéiseach

- Taithí ar an earnáil phoiblí/phríobháideach

- Taithí ar oibriú mar chuid d'fhoireann nó mar chomhalta boird

- Taithí ar fhorbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta

- Taithí ar chur chun cinn na Gaeilge

- Taithí ar an bpleanáil teanga

- Taithí ar an bhforbairt pobail

- Taithí ar chur chun cinn na n-ealaíon

- Cumas Gaeilge.

Tá réimse leathan taithí, scileanna agus cáilíochtaí ag na comhaltaí atá ceaptha ar an mbord agus tá ionadaíocht ar an mbord ó gach contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina dhlínse, rud a chinntíonn go bhfuil an bord nua ionadaíoch do phobal na Gaeltachta i gcoitinne.

As an seachtar comhalta a cheap mise ar an mbord, tá beirt bhan agus tá duine acu siúd ceaptha mar chathaoirleach, an chéad uair riamh gur tharla a leithéid ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta in 1980. Níor cuireadh aon ainmniúchán ó mhná chugam ón gcúig chomhairle contae a bhí i dteideal ainmniúcháin a dhéanamh.

Creidimse go gcuirfidh na socruithe atá déanta ar chumas Údarás na Gaeltachta feidhmiú go héifeachtach agus go straitéiseach sna blianta amach romhainn chun leas teangeolaíoch, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch phobal na Gaeltachta a threisiú i gcomhréir lena chuid feidhmeanna reachtúla.

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas ar an gcaidreamh idir an IDA agus Údarás na Gaeltachta, chun míniú a thabhairt ar an tslí ina gcomhoibríonn siad chun infheistíocht eachtrannach dhíreach a mhealladh isteach sa Ghaeltacht agus chun an líon cuairteanna atá tugtha ag infheisteoirí eachtrannacha féideartha ar an nGaeltacht le cúig bliana anuas a chur in iúl. [52973/12]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé sásta cúraim fiontraíochta a fhágáil ag Údarás na Gaeltachta;; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53001/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 32 agus 51 le chéile.

Thóg an Rialtas cinneadh in 2011 go gcoinneodh Údarás na Gaeltachta a chuid feidhmeanna, lena n-áirítear an fheidhm fiontraíochta agus go dtabharfaí feidhm bhreise dó maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht. Tugadh feidhm reachtúil don chinneadh seo in Acht na Gaeltachta 2012.

Ina theannta sin, thóg an Rialtas cinneadh in 2011 go bhforbrófaí meicníocht chun an comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail a threisiú tuilleadh, go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu. Is sampla maith den chomhoibriú sin an infheistíocht shuntasach a d’fhógair an tÚdarás Forbartha Tionscail i gcuideachta i nGaeltacht na Gaillimhe níos túisce i mbliana.

Tuigtear dom nach gcoinníonn Údarás na Gaeltachta taifead ar leith de líon na gcuairteanna suímh a dhéantar gach bliain nó ní dhéantar aon idirdhealú idir na cuairteanna suímh a ghin an tÚdarás féin i gcomparáid le cinn a tháinig tríd an Údarás Forbartha Tionscail. Tá sé curtha in iúl ag an Údarás, áfach, go bhfuair a rannóg fiontraíochta agus fostaíochta thart ar 150 fiosrúchán le cúig bliana anuas agus go ndearnadh thart ar 60 cuairt suímh san iomlán sa tréimhse chéanna. Níl fiosrúcháin sna réigiúin maidir le tograí Gaeltacht-lonnaithe san áireamh sna figiúirí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.