Written answers
Tuesday, 27 November 2012
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Dessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén maoiniú atá curtha ar fáil don áisíneacht trasteorann, Foras na Gaeilge, don bhliain 2012 [52299/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a shocraíonn buiséad Fhoras na Gaeilge, atá mar ghníomhaireacht den Chomhlacht Forfheidhmithe Thuaidh-Theas, An Foras Teanga. Táthar ag súil go gceadófar buiséid 2012 don Fhoras Teanga go foirmiúil ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle ar 12 Nollaig 2012.
Is é €15.438 milliún an tsuim airgid atá ar fáil i Vóta mo Roinne féin i leith an Fhorais Teanga i mbliana. Áirítear sa soláthar seo na buiséid a cheadóidh an Chomhairle d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise, mar aon le nithe imfhálaithe i ndáil le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille. San idirlinn, tá Foras na Gaeilge ag obair ar bhonn buiséid táscaigh.
Dessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén céatadán de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a caitheadh ar thuarastail gach bliain ó 2008 [52300/12]
Dessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil fostaithe Fhoras na Gaeilge atá lonnaithe ó dheas ag feidhmiú faoi ráta tuarastail atá bunaithe ar an gciorclán is déanaí de chuid na Státseirbhíse, Ciorclán 28/2009 [52301/12]
Dessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht ar íocadh incrimintí le foireann Fhoras na Gaeilge ó 2008 [52302/12]
Dessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén céatadán de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a caitheadh ar phinsin iarfhostaithe gach bliain ó 2008 [52303/12]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 440, 441, 442 agus 443 le chéile.
Leagtar amach sa tábla seo a leanas na céatadáin de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a caitheadh ar thuarastail agus ar phinsin d'iarfhostaithe gach bliain ó 2008 go dáta:
Bliain | % Tuarastal | % Pinsean d'iarfhostaithe |
---|---|---|
2008 | 11% | 1% |
2009 | 11% | 2% |
2010 | 13% | 2% |
2011 | 16% | 2% |
2012 (go 31.10.12) | 15% | 2% |
Comhairlítear dom go bhfuil Foras na Gaeilge ag feidhmiú faoi rátaí tuarastail atá leagtha síos i gCiorclán 28/2009 agus go bhfuil incrimintí á n-íoc le foireann Fhoras na Gaeilge ó 2008.
No comments