Written answers

Tuesday, 6 November 2012

Department of Agriculture, Food and the Marine

Seirbhísi trí Gaeilge

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cé na socruithe atá déanta aige chun a chinntiú go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil óna Roinn do lucht labhartha na Gaeilge agus go mór mór do phobal na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48268/12]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann mo Roinnse seirbhísí i nGaeilge ar fáil i gcónaí i gceantair Ghaeltachta. Is féidir le duine ar bith ar mian leis dul i mbun gnó leis an Roinn i nGaeilge é sin a dhéanamh ach iarratas a dhéanamh. Is i nGaeilge a dhéanann an fhoireann agus custaiméirí i gceantair Ghaeltachta roinnt dá ngnó, nó a gcuid gnó go léir, ar bhun neamhfhoirmiúil. Tá saoráidí fáiltithe i nGaeilge curtha ar bun in oifigí na Roinne nuair is féidir é, do chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Chomh maith leis sin, foilsítear roinnt de phríomhfhoilseacháin na Roinne i mBéarla agus i nGaeilge, agus bunaíodh seoladh ríomhphoist Gaeilge tiomanta, ( ) do chustaiméirí a dteastaíonn sé uathu. Tá leagan Gaeilge de láithreán gréasáin na Roinne ar fáil freisin, ar a bhfuil eolas faoi na príomhscéimeanna agus na príomh-sheirbhísí a fheidhmíonn an Roinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.