Written answers

Tuesday, 6 November 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige aon athruithe a dhéanamh ar théarmaí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge don bhliain 2013, téarmaí airgid san áireamh agus má tá, cén uair a fhógróidh sé aon athruithe atá i gceist aige a dhéanamh, ó tharla go bhfuil an cheist seo práinneach anois mar go bhfuil cinntí déanta nó á ndéanamh ag na Coláistí don bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48195/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist maidir leis an soláthar airgid a bheidh ar fáil do mo Roinnse in 2013 á phlé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair mar chuid den ghnáth-phróiseas meastacháin. Is i gcomhthéacs an phróisis sin a dhéanfar cinntí sonracha maidir le téarmaí airgid Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2013.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte, ar ndóigh, go dtuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an scéim áirithe seo don Ghaeltacht agus don Ghaeilge agus go gcuirfear an méid sin san áireamh mar chuid den phróiseas seo.

Mar is eol don Teachta, is scátheagraíocht é CONCOS do na coláistí Gaeilge agus bíonn comhoibriú luachmhar idir mo Roinnse agus CONCOS a chuireann go mór le feidhmiú agus le forbairt na gcoláistí Gaeilge. Cuirfear pé moltaí a thagann ó CONCOS maidir le forbairt na gcoláistí Gaeilge san áireamh go cuí freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.