Written answers

Thursday, 25 October 2012

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a éiseofar íocaíocht chuig feirmeoir (sonraí leis seo) faoi Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe 4; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46942/12]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir an duine atá ainmnithe tús le Scéim 4 den Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath (REPS 4) i mí an Mheithimh 2008 agus fuair sé íocaíochtaí do na chéad cheithre bliana dá chonradh.

Is beart é REPS 4 faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2007-13 reatha agus é faoi réir Rialacháin AE ina n-iarrtar go ndéanfaí seiceálacha riaracháin déine ar gach iarratas atá le comhlánú sula féidir aon íocaíochtaí a eisiúint. Tá an próiseas sin ar bun i gcás iarratais 2012 ar REPS 4 agus táim ag súil go gcuirfear tús le híocaíochtaí go luath. Sa chás go dtagann aon cheisteanna chun cinn ar chomhad an té atá ainmnithe, beidh oifigigh i mo Roinn i dteagmháil go díreach leis an té atá ainmnithe

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.