Written answers
Thursday, 25 October 2012
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Aersheirbhís Fóirdheonaithe
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an tseirbhís aeir fhóirdheonaithe a bheidh ann go hOileáin Árann tar éis don chonradh reatha críochnú; cén uair atá sé i gceist léiriú spéise agus/nó tairiscintí a lorg; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46930/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, beidh an conradh don aersheirbhís fóirdheonaithe chuig na hOileáin Árann i bhfeidhm go dtí deireadh mí Lúnasa 2013. Tá mé ag scrúdú na ceiste seo faoi láthair i gcomhthéacs na gconarthaí eile atá ann do na seirbhísí iompair do na hoileáin agus déanfar cinneadh i dtráth cuí i gcomhthéacs an tsoláthair a bheidh ar fáil dom le fóirdheontais a thabhairt do sheirbhísí den chineál seo.
No comments