Written answers
Tuesday, 23 October 2012
Department of Agriculture, Food and the Marine
Íocaíochtaí Deontas
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén fáth nach bhfuil íocaíocht faoin scéim um limistéir faoi mhíbhuntáiste déanta le feirmeoir (sonraí leis seo) ó tharla go bhfuil os cionn cúig aonad beostoic aige, 33 chaora agus chapall, agus nach bhfuil aige ach thart faoi 12 heicteár; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46086/12]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cé go ndearna an duine atá ainmnithe iarratas ar mhaolú faoi scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012, níor éirigh leis an iarratas bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil. Cuireadh an cinneadh sin in iúl don iarratasóir i bhfoirm scríbhinn an 9 Deireadh Fómhair agus cuireadh in iúl dó go bhfuil sé de cheart aige achomharc a dhéanamh chuig Coiste Achomhairc neamhspleách DAS a bunaíodh le déanaí.
No comments