Written answers

Tuesday, 16 October 2012

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim Liúntais Cúitimh do Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén fáth go bhfuil moill le híocaíocht deontais faoin scéim um limistéir faoi mhíbhuntáiste le feirmeoir (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44266/12]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuarthas iarratas faoin Scéim um Limistéir faoi Mhíbhuntáiste 2012 ón duine ainmnithe an 13 Aibreán 2012. Níor eisíodh íocaíocht go fóill, áfach, mar nárbh fhéidir go dtí seo a fhíorú gur comhlíonadh ceann de Théarmaí agus Coinníollacha Scéim 2012, a bhaineann le meánmhéid bliantúil de 0.15 aonad beostoic a choimeád in aghaidh an acra foráiste dearbhaithe. Chomh luath agus is féidir an coinníoll sin a fhíorú, déanfar an cás a phróiseáil le súil agus íocaíocht a dhéanamh chomh luath ina dhiaidh sin agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.