Written answers
Tuesday, 9 October 2012
Department of Education and Skills
Liúntais do Mhúinteoirí
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Education and Skills cén tsábháil mheasta a dhéanfaidh a Roinn sna blianta 2013, 2014 agus 2015 de bharr deireadh a chur leis na liúntais do mhúinteoirí Gaeltachta, do dhaoine atá ag múineadh trí Ghaeilge agus do mhúinteoirí nua; an bhfuil sé i gceist aige an t-airgead seo a chaitheamh ar bheartais eile don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43271/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Le déanaí cheadaigh an Rialtas roinnt beartas maidir le liúntas seirbhíse poiblí mar thoradh ar athbhreithniú ar fud na seirbhíse ar liúntais agus íocaíochtaí préimhe a rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Níor sannaíodh figiúr ar leith mar shábháil as deireadh a chur leis na liúntais do mhúinteoirí Gaeltachta agus do dhaoine atá ag múineadh trí Ghaeilge do thairbhithe nua múinteoireachta. Is é iomlán na liúntas dá leithéid a íoctar le tairbhithe reatha thart ar €5.1 milliún. Mar sin bainfidh sábháil le leibhéil an athrúcháin i measc na múinteoirí sin sna blianta atá romhainn. Níl togra ar bith ann le sábháil a dháileadh ón mbeartas seo.
No comments