Written answers
Wednesday, 3 October 2012
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé torthaí an phróisis comhairliúcháin a raibh sé ina bhun maidir leis an Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú. [41966/12]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 22 ar 18 Iúil 2012 faoin ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa fhreagra sin, fuarthas timpeall 1,400 freagra ar shuirbhé maidir le seirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí, chomh maith le 260 aighneacht ó hiliomad páirtithe leasmhara, mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin poiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Táthar ag súil go bhfoilseofar tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin san fhómhar, chomh maith le torthaí an tsuirbhé agus na haighneachtaí a fuarthas uathu siúd a chuir in iúl go raibh siad sásta go bhfoilseofaí iad.
Ag an am céanna, tá an cás do leasú na reachtaíochta á bhreithniú agus tá súil agam go gcuirfear moltaí cuí i dtaca leis sin faoi bhráid an Rialtais sa tréimhse amach romhainn.
No comments