Written answers
Wednesday, 3 October 2012
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Teanga
Martin Ferris (Kerry North-West Limerick, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéid scéimeanna teanga atá fós le daingniú aige; cé mhéid scéimeanna atá imithe in éag; agus cé chomh fada a bhfuil siad imithe in éag. [41968/12]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá 108 céad scéim teanga san iomlán aontaithe ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm agus tá 97 de na scéimeanna sin i bhfeidhm le níos mó ná trí bliana. Anuas air sin, tá 23 dara scéim teanga aontaithe agus tá 5 cinn dóibhsean i bhfeidhm le níos mó ná trí bliana. Ní miste a nótáil go bhfanann forálacha gach scéim teanga i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear scéim nua.
Maidir le scéimeanna atá le daingniú, tá 39 céad scéim, 77 dara scéim agus 7 tríú scéim teanga á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí faoi láthair. Ciallaíonn sé sin go bhfuil 123 dréachtscéim san iomlán le daingniú faoi láthair.
No comments