Written answers

Wednesday, 3 October 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d’Fhoras na Gaeilge

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an féidir leis a dheimhniú go dtabharfar an maoiniú céanna d’Fhoras na Gaeilge in 2013 agus a tugadh dó in 2012. [41974/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is gníomhaireacht é Foras na Gaeilge den chomhlacht forfheidhmithe thuaidh theas, An Foras Teanga. Dá réir sin, is tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a shocraítear na buiséid bhliantúla don Fhoras Teanga.

Mar a dhéantar gach bliain, tuigtear dom go n-eiseoidh na Ranna Airgeadas treoir airgeadais comhaontaithe gan mhoill do na comhlachtaí forfheidhmithe thuaidh theas maidir le pleananna gnó agus buiséid 2013. Sa chomhthéacs sin, ní foláir dom a lua go bhfuil laghdú bliantúil 3% ar a laghad curtha san áireamh ag na Ranna Airgeadais mar chuid den treoir airgeadais comhaontaithe maidir le pleananna corparáideacha 2011-13 do na comhlachtaí forfheidhmithe thuaidh theas. Ar ndóigh, braithfidh na buiséid sonracha a aontófar i ndeireadh báire don bhliain 2013 ar an bpróiseas comh-chomhairliúcháin tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, i gcomhthéacs na gcistí airgeadais a bheidh ar fáil sa dá dhlínse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.