Written answers

Wednesday, 3 October 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Seán CroweSeán Crowe (Dublin South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an féidir leis an Rialtas tuairisc a thabhairt faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis na Pleananna Teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta; agus cad iad na hacmhainní breise atá á gcur ar fáil chun iad a fhorbairt. [41975/12]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén méid airgid a leithroinnfidh a Roinn ar Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht; an bhfuil an beartas faoi réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41772/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 12 and 33 together.


Tá na forálacha faoin bpróiseas pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge leagtha síos faoi Acht na Gaeltachta 2012. Beidh Orduithe le déanamh, ar ndóigh, chun feidhm reachtúil a thabhairt do Chuid 2 den Acht a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga. Tá na céimeanna cuí maidir leis na hOrduithe seo idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair.

Mar atá sonraithe in Acht na Gaeltachta, beidh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt do phobail éagsúla agus d'eagraíochtaí éagsúla i ndáil le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga sna ceantair éagsúla atá faoina gcúram. Tá cur chuige an Údaráis agus an Fhorais faoin bpróiseas pleanála teanga á phlé ag an ngrúpa oibre atá bunaithe ag mo Roinnse leis an Údarás agus leis an bhForas faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 . Tuigtear dom go bhfuil an tÚdarás agus an Foras ag plé le heagraíochtaí éagsúla ar an talamh chun dlús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Ar ndóigh, tá an próiseas pleanála teanga fite fuaite leis an Straitéis agus tá an cur chuige seo fréamhaithe sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht . Is i gcomhthéacs an phróisis pleanála teanga a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an mbealach is fearr le freastal ar na héilimh éagsúla atá agus a bheidh ar mo Roinnse amach anseo. Táthar ag súil go mbeidh na páirtithe leasmhara go léir in ann a gcur chuige agus a dtosaíochtaí a mhúnlú de réir mar a bheidh an próiseas á leathnú amach, ag úsáid cibé soláthar airgid a bheidh ar fáil go seiftiúil agus go stuama.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.