Written answers
Wednesday, 3 October 2012
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cruthú Fostaíochta
Pádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéid post nua a raibh sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta iad a chruthú, ag tús na bliana; agus cé mhéid acu atá cruthaithe go dtí seo. [41969/12]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é an sprioc fostaíochta atá ag Údarás na Gaeltachta ná 400 post a chruthú in 2012. Tuigtear ón Údarás go bhfuiltear dóchasach go mbainfear an sprioc sin amach. Is ar bhonn suirbhé bliantúil a dhéanann Údarás na Gaeltachta tuairisciú ar phoist a chruthaítear agus a chailltear. Foilseofar na figiúirí do 2012 ag tús 2013 nuair a bheidh an suirbhé bliantúil curtha i gcrích. Tá eolas maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht le fáil ar shuíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta ag www.udaras.ie agus i dtuarascálacha bliantúla agus cuntais bhliantúla an Údaráis a leagtar faoi bhráid Thithe an Oireachtais go bliantúil.
No comments