Written answers

Wednesday, 3 October 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Forbairt na Gaeilge

Photo of Michael ColreavyMichael Colreavy (Sligo-North Leitrim, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad atá déanta aige chun an togra Líofa a chur i bhfeidhm sa Stát seo. [41976/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sheol an tAire Ní Chuilín, an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann, an togra Líofa 2015 i Meán Fómhair 2011 agus bhí an-áthas orm féin a bheith i láthair ar an ócáid sin. Is tionscnamh é seo a bhfuil sé mar aidhm aige spreagadh a thabhairt do chúig mhíle duine ó thuaidh a bheith líofa sa Ghaeilge faoin mbliain 2015.


Mar is eol don Teachta, tá sprioc ar leith sonraithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 , is é sin go mbeidh 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge ann lasmuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030. Tá bearta éagsúla á dtógáil chun líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú thar shaolré na Straitéise. Ar ndóigh, tá sé seo ag teacht leis an gClár Rialtais agus an gealltanas a tugadh ann maidir le spriocanna indéanta na Straitéise a sheachadadh. Sa chomhthéacs seo, tá ceann de na gníomhaíochtaí is suntasaí faoin Straitéis á chur i bhfeidhm agus bunús reachtúil tugtha do shainmhíniú úr ar an nGaeltacht faoi Acht na Gaeltachta 2012.


Tá forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht mar ghné lárnach den Straitéis le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Táthar ag cur tús le feidhmiú an phróisis sin i gcomhréir leis an Acht sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.


Ar ndóigh, tá sé tábhachtach freisin nach mbeidh an Ghaeltacht teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Dá bhrí sin, tabharfar stádas reachtúil faoin Acht do Líonraí Gaeilge atá lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta thraidisiúnta. Is ceantair iad seo a bhfuil a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a bhfuil toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge. Ina theannta sin, tabharfar stádas reachtúil faoin Acht do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta.


Mar atá sonraithe in Acht na Gaeltachta, beidh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt do phobail éagsúla agus d'eagraíochtaí éagsúla i ndáil le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga sna ceantair éagsúla atá faoina gcúram. Tá cur chuige an Údaráis agus an Fhorais faoin bpróiseas pleanála teanga á phlé ag an ngrúpa oibre atá bunaithe ag mo Roinnse leis an Údarás agus leis an bhForas faoin Straitéis. Tuigtear dom go bhfuil an tÚdarás agus an Foras ag plé le heagraíochtaí éagsúla ar an talamh chun dlús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga.


Is tríd an bpróiseas pleanála teanga go príomha, agus le hionchur ón bpobal agus ón Stát araon, a bhfuil i gceist tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge sa dlínse seo le linn na tréimhse idir seo agus 2030.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.