Written answers
Tuesday, 2 October 2012
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Irish Language
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén líon daoine a lorg an pacáiste tacaíochta faoin scéim Ag Tógáil do Pháiste le Gaeilge, briste síos de réir contae, Gaeltachta agus iar-Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42038/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil ag mo Roinnse faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le teaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páistí acu agus a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Is ar theaghlaigh de bhunadh na Gaeltachta atá an tionscnamh seo dírithe go príomha, cé go n-aithnítear go bhfuil éileamh air chomh maith lasmuigh den Ghaeltacht.
Go nuige seo, tá 116 pacáiste tacaíochta dáilte ag mo Roinnse: 27 chuig seoltaí poist sa Ghaeltacht agus 89 chuig seoltaí poist eile. Tá tuilleadh eolais sa tábla thíosluaite faoin éileamh atá ar an bpacáiste tacaíochta ón uair gur seoladh é faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh i mí Aibreáin 2012. Tá i gceist cur le hábhar an phacáiste go luath.
Contae | Líon dáilte |
---|---|
Dún na nGall | 12 |
Maigh Eo | 28 |
Gaillimh | 17 |
Luimneach | 1 |
Ciarraí | 1 |
Corcaigh | 7 |
Port Láirge | 3 |
Tiobraid Árann | 2 |
Baile Átha Cliath | 34 |
Cill Dara | 1 |
Cill Mhantáin | 3 |
An Mhí | 1 |
Lú | 1 |
Aontroim | 1 |
Áiteanna eile | |
Poblacht na hAifrice Theas | 1 |
Londain | 2 |
No comments