Written answers

Thursday, 20 September 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Limistéir Chaomhantais Speisialta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an féidir leasuithe nó athruithe a dhéanamh ar theorainn na LCS agus na LON i gConamara le ceantair a bhaint astu agus, más féidir, cé is féidir leasú a thionscnamh; cad iad na critéir a chaithfí a úsáid; an bhfuil sé i gceist aon leasú a dhéanamh ar na ceantair seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39708/12]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déantar soláthar faoi Alt 9 de Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Gnáthóga don fhéidearthacht dí-shainiú a dhéanamh ar láthair Limistéir Chaomhantais Speisialta. Is feidhm den Choimisiún Eorpach é seo, agus i gcomhréir leis an Treoir, ní féidir é a dhéanamh ach amháin nuair atá gá leis mar gheall ar athruithe nádúrtha atá tugtha faoi deara mar thoradh ar fhaireachais an Bhallstáit. Is iad na hathruithe atá i gceist anseo, mar shampla, ná nuair a dhéantar damáiste do ghnáthóg mar thoradh ar chreimeadh, sciorradh talún, nó a leithéid d'eachtra nádúrtha. Déantar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LON) a shainiú faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra, áit a leagtar amach an fhéidearthacht maidir le ceantar a bhaint amach ó shuíomh da leithéid más rud é nach bhfuil luach eolaíochta ag baint leis a thuilleadh. Níl i gceist agam aon leasú a dhéanamh ar aon suíomh LON faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.