Written answers

Tuesday, 18 September 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a aontaíodh an chéad scéim teanga leis an Roinn Coimirce Sóisialaí; cén uair a bhfuil súil aige an dara scéim a aontú; cé na socruithe a bheidh ann chun a chinntiú go mbeidh na coinníollacha céanna ann maidir le hoifigigh leasa pobail ag soláthar seirbhísí trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta agus a bhí ann nuair a bhí an cúram seo ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39043/12]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard é líon na scéimeanna teanga a d'fhaomh sé gach bliain ó tháinig Acht na dTeangacha i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39045/12]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard é líon na scéimeanna teanga a aontaíodh go dáta agus líon na scéimeanna a bhfuil a dtréimhse trí bliana caite; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39046/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteannan Uimhir 936, 937 agus 938 le chéile.

Tá seacht scéim teanga (idir céad scéimeanna agus dara scéimeanna) daingnithe agam faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go dtí seo i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 108 céad scéim teanga san iomlán aontaithe ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm. Tá a dtréimhse trí bliana caite ag 97 de na scéimeanna sin. Anuas air sin, tá 23 dara scéim teanga aontaithe agus tá a dtréimhse trí bliana caite ag ceithre cinn dóibhsean. Ní miste a nótáil go bhfanann forálacha gach scéim teanga i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear scéim nua.

Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta sa tábla leis seo. Tá na scéimeanna seo, mar aon leis na gealltanais ata tugtha ina leith, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.

BliainLíon céad scéimeanna aontaithe Líon dara scéimeanna aontaithe
20041-
200521-
200618-
200729-
200816-
2009148
2010610
2011-1
2012 go dáta34
Iomlán 10823

Tá scéim teanga i bhfeidhm ag an Roinn Coimirce Sóisialaí (nó an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh mar a bhí air ag an am) ó 2007. Faoin scéim sin, tá gealltanas tugtha maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil nó a bheith feabhsaithe in oifigí éagsúla de chuid na Roinne sin, ar a n-áirítear oifigí atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó atá ag freastal ar an nGaeltacht. Bhí dréacht dara scéim teanga á plé leis an Roinn sin ó 2010 i leith ach, ós rud é gur athraíodh feidhmeanna na Roinne sin anuraidh, tá iarrtha orthu a chinntiú go dtógfar é seo san áireamh sa dara scéim. Táthar ag súil an dara scéim a aontú leo go luath.

Question No. 939 answered with Question No. 935.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.