Written answers

Tuesday, 18 September 2012

Department of Social Protection

Scéimeanna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Social Protection cén uair a aontófar an dara scéim teanga leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; agus cén chúis atá leis an moill ar a haontú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39044/12]

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dréachtaíodh an dara scéim Ghaeilge do mo Roinnse sa bhliain 2010. Níorbh fhéidir, áfach, teacht ar réiteach ar an dara dréachtscéim toisc nárbh fhéidir gealltanas a thabhairt go ndéanfaí seirbhís Ghaeilge a thairiscint i ngach áit a bhí ar áireamh sa chéad scéim, cé go bhfuil an Roinn tiomanta do mhéadú a dhéanamh ar líon iomlán na n-áiteanna ina bhfuil seirbhís Ghaeilge ar fáil. B'amhlaidh a bhí toisc nach raibh baill foirne a raibh Gaeilge acu ar fáil níos mó sna hoifigí i dtrácht, toisc ardú céime nó aistriú a bheith faighte acu nó iad a bheith imithe ar scor.Tá srian ar an méid is féidir le mo Roinnse a dhéanamh chun an t-easnamh sin a leigheas de dheasca rialacha státseirbhíse i dtaca le fostaíocht, ath-imlonnú, aistrithe agus arduithe céime don fhoireann. Díríodh aird na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an bhfadhb agus tuigim go bhfuil siad ag breithniú na ceiste mar chuid de lucht saothair na státseirbhíse a phleanáil. Beidh toradh an bhreithnithe sin mar chuid de dhara scéim na Roinne. Rud eile a chur leis an moill ar thabhairt chun críche na dara scéime ná gur athraigh eagraíocht agus struchtúr na Roinne ar shlite bunúsacha nuair a aistríodh baill foirne agus seirbhísí ó eagraíochtaí éagsúla eile, lena n-áirítear Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus FÁS, go dtí an Roinn. B’éigean mórchuid oibre breise a dhéanamh ar an dara dréachtscéim dá bharr. Tá an obair sin fós ar siúl.

Question No. 862 withdrawn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.