Written answers

Tuesday, 18 September 2012

Department of Education and Skills

Scoileanna Oileáin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Education and Skills cén fáth a tharraing sé siar an deich n-uaire an chloig de mhúinteoireacht tacaíochta foghlama ginearálta a raibh scoláirí Scoil Náisiúnta Inis Meáin ina teideal, céard é an dochar measta a dhéanfaidh sé seo do na scoláirí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39047/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De réir na socruithe foirne atá leagtha amach i gCiorclán na Roinne 0007/12 tá an scoil dá dtagraíonn an Teachta ina scoil aon-oide rangsheomra anois. Cuireadh múinteoir buan a bhí ag fónamh sa scoil ar an bpainéal ath-imlonnaithe don scoilbhliain 2012/13, de réir mar is caighdeánach do mhúinteoir buan ar bith i scoil ina gcailltear post. Dhiúltaigh sí, áfach, rogha ar bith de na roghanna eile fostaíochta a tairgeadh di a ghlacadh agus, dá bhrí sin, de réir na socruithe ath-imlonnaithe, níl sí ar an bpárolla poiblí a thuilleadh.

Bhí sé mar rogha amháin de na roghanna fostaíochta don mhúinteoir buan barrachais seo go mbeadh sí i gcónaí lonnaithe sa scoil mar mhúinteoir tacaíochta foghlama ar bhonn comhroinnte leis an scoil ar Inis Oirthir, an t-oileán ina aice láimhe. Bhí sé i gceist go ndéanfaí na socruithe oibriúcháin chuige seo a chinneadh ag leibhéal áitiúil na scoile.

De réir na socruithe ath-imlonnaithe do mhúinteoirí tá sé mar choinníoll i ngach cás ina leithdháiltear post múinteora do scoil go dtógann an scoil múinteoir barrachais ar bith atá ar an bpainéal ath-imlonnaithe. Tá sé mar fhreagracht ar na Boird Bhainistíochta go léir comhoibriú go hiomlán leis na socruithe ath-imlonnaithe do mhúinteoirí. Ní dhearna an scoil i gceist an tairiscint riachtanach cheapacháin don mhúinteoir barrachais agus, dá bhrí sin, ní raibh feidhm a thuilleadh leis an leithdháileadh tacaíochta foghlama ón Roinn.

Tá sé curtha in iúl ag an Roinn don scoil go bhfuil sí, dar ndóigh, toilteanach an leithdháileadh tacaíochta foghlama a thabhairt ar ais ach ar an gcoinníoll go mbeidh sé soiléir go n-urramóidh an scoil na socruithe náisiúnta ath-imlonnaithe. Ina leith seo, tá sé curtha in iúl don scoil go bhfuil cead anois aici dul ar aghaidh agus ceapachán a dhéanamh i leith an leithdháileadh páirtaimseartha thacaíochta foghlama ar an gcoinníoll go n-áirítear i measc na socruithe conarthacha dó coinníoll go bhfuil an ceapachán faoi réir ag an bhféidearthacht go gcuirfí deireadh leis sa chás go dteastódh an post ón Roinn chun éascú leis an bpróiseas ath-imlonnaithe.

Question No. 465 answered with Question No. 458.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.