Written answers
Wednesday, 18 July 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Múnla Nua Maoinithe
10:00 pm
Martin Ferris (Kerry North-West Limerick, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 34: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén próiseas atá ar intinn aige chun cuí-chóiriú a dhéanamh ar na heagrais bhunmhaoinithe faoi scáth Fhoras na Gaeilge. [35024/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Is é Foras na Gaeilge atá i mbun na hoibre a bhaineann le cuíchóiriú a dhéanamh ar a chuid eagraíochtaí bunmhaoinithe. Tá an obair seo ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi réir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.
Ag an gcruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 9 Iúil 2012, rinne Foras na Gaeilge cur i láthair don Chomhairle inar tugadh léargas ar an dul chun cinn maidir le múnla nua maoinithe a fhorbairt. Nótáil an Chomhairle go bhfuair Foras na Gaeilge 167 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a chríochnaigh i mí Aibreáin 2012. Nótáil an Chomhairle fosta plean athbhreithnithe forfheidhmiúcháin don athbhreithniú ó Fhoras na Gaeilge. Iarradh ar Fhoras na Gaeilge moltaí críochnaitheacha maoinithe a chur ar fáil ag an gcéad chruinniú eile teanga de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.
Mar a cuireadh in iúl cheana, tá maoiniú eatramhach ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas do na heagraíochtaí bunmhaoinithe go dtí an 30 Meitheamh 2013.
No comments