Written answers
Wednesday, 18 July 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Maoiniú Scoileanna Gaeltachta
10:00 pm
Pádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 32: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le maoiniú leanúnach le haghaidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. [35025/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Ceadaíodh deontas arbh fhiú €70,000 é d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mí na Samhna 2011 i leith tréimhse 6 mhí ó Nollaig 2011 go deireadh mí na Bealtaine 2012. Tá €11,898 den deontas sin fós le híoc. Chomh luath is a chuirtear cuntas críochnúil don tréimhse iomlán sin faoi bhráid mo Roinne - ar cuireadh fios air ar an 29 Meitheamh 2012 - beifear in ann gníomhú mar is gá.
Tá an t-iarratas atá déanta ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar mhaoiniú don tréimhse ó Mheitheamh go Nollaig 2012 á mheas faoi láthair. Tá mo Roinnse ag fanacht ar shoiléiriú breise ón eagraíocht maidir le gnéithe áirithe den iarratas agus déanfar cinneadh chomh luath agus a bheidh an t-eolas seo ar fáil. Cuirfear san áireamh mar is cuí na forbairtí is deireanaí atá tagtha ar an gceist faoi chónascadh idir Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.
No comments