Written answers
Wednesday, 18 July 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Oideachas Tríú Leibhéal
10:00 pm
Seán Crowe (Dublin South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 12: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén maoiniú atá curtha ar fáil le haghaidh oideachais tríú leibhéal sa Ghaeltacht ag Roinn na Gaeltachta sna cúig bliana seo a chuaigh thart; cé mhéid a bheidh le fáil an bhliain seo chugainn [35031/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá maoiniú gur fiú beagnach €7m i bhfoirm cúnaimh reatha agus €1.35m i bhfoirm cúnaimh caipitil curtha ar fáil faoi scéimeanna mo Roinnse le haghaidh oideachais tríú leibhéil sa Ghaeltacht san iomlán ó 2007 i leith. Cuimsítear sa chúnamh seo na hionaid Ghaeltachta ar fad atá faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a fheidhmíonn faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Níor mhiste dom a mhiniú chomh maith gur bhunaigh mo Roinnse ciste ar leith in 2006, atá á reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis an Údarás um Ard-Oideachas, chun maoiniú a chur ar fáil le forbairt a dhéanamh ar shainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal. Faoin gciste sin, tá suim iomlán de bheagnach €3.04m curtha ar fáil ó 2007 go dáta d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus d'Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn le 3 shainchúrsa ar leith a sholáthar. Tá na cúrsaí sin á reáchtáil faoi láthair in ionaid Ghaeltachta de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Sa bhreis air sin, tá suim iomlán €370,000 íoctha leis an gcomhlacht Europus ó 2009 go dáta le sainchúrsa ar leith a sholáthar.
Níl aon chinneadh déanta ag an bpointe ama seo maidir le maoiniú reatha le haghaidh oideachais tríú leibhéil don bhliain acadúil 2012/2013.
No comments