Written answers
Wednesday, 18 July 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Clár Tacaíochta Teaghlaigh
10:00 pm
Michael Colreavy (Sligo-North Leitrim, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 9: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar gheall ar an scéim a thug an tAire isteach in ionad Scéim Labhairt na Gaeilge, cé mhéid fiosrúchán atá faighte ag an Roinn ag lorg an phacáiste, cén teagmháil atá déanta ag an Roinn leis na daoine sin ó shin; cé mhéid pacáiste atá roinnte amach; cad atá sa phacáiste anois. [35032/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Ar an 26 Aibreán 2012, d'fhógair mé an Clár Tacaíochta Teaghlaigh a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Faoin gClár seo, tá mo Roinnse ag tógáil 12 beart ar leith chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.
Mar chuid de na bearta seo, táthar ag soláthar pacáiste tacaíochta do thuismitheoirí a dhéanann teagmháil le mo Roinnse. Go dtí seo, tá 87 iarratas faighte ag mo Roinnse don phacáiste tacaíochta. Tá leabhrán sa phacáiste tacaíochta do thuismitheoirí, a bhfuil sé mar chuspóir aige comhairle phraiticiúil a chur ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge, chomh maith le dlúthdhiosca rannta agus leabhar rannta atá oiriúnach do pháistí. Tá obair idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair i dtreo cur leis an bpacáiste tacaíochta seo.
No comments