Written answers

Wednesday, 11 July 2012

Department of Education and Skills

Gaelscoileanna

9:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 99: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna ag aithint an stádais speisialta a thugtar do scoileanna ina ndéantar an teagasc trí Ghaeilge agus an tábhacht atá le cothú scoileanna sa Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha, an n-aontaíonn sé gur chóir cinnte a dhéanamh de trí pholasaí rialtais go mbeadh na hacmhainní cuí ar fáil chun an teanga a chur chun cinn go straitéiseach chun an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail agus teanga theaghlaigh sa Ghaeltacht [33994/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Táim feasach ar an ról gur féidir le scoileanna a imirt chun an Ghaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Beidh feidhmiú na bpleananna atá leagtha amach sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge ina chabhair do scoileanna ina leith seo. Tá an Rialtas tiomanta do na pleananna seo a chur i bhfeidhm le saolré na Straitéise agus de réir mar a cheadóidh acmhainní. Tá oifigigh as mo Roinnse ag comhoibriú go dlúth le hoifigigh as an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le feidhmiú na Straitéise. Tá líon áirithe beart sa Straitéis, a bhaineann leis an oideachas, faoi shiúl cheana féin, go háirithe i leith oideachas múinteoirí, leasú an churaclaim ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, agus soláthar acmhainní firéanta teagaisc. Cuideoidh na bearta seo le scoileanna i gceantair Ghaeltachta i mbealach spriocdhírithe, go háirithe féachaint le cumas na ndaltaí a fhorbairt an teanga a labhairt i gcomhthéacsanna éagsúla cumarsáide agus sóisialta, agus le freastal ar shainriachtanais Ghaeilge daltaí a bhfuil an Ghaeilge ón gcliabhán acu. Ós rud é go leithdháilfear 40% de na marcanna ón Ardteistiméireacht seo (2012) ar aghaidh ar inniúlacht bhéil, cabhrófar le hinmharthanacht na teanga a chinntiú agus cúiteofar mic léinn atá inniúil sa Ghaeilge. Chomh maith leis sin, spreagfaidh sé an pobal agus na teaghlaigh chun úsáid na teanga a chothú i gcónaí sna ceantair Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.