Written answers

Wednesday, 11 July 2012

Department of Education and Skills

Scoláireachtaí Gaeltachta

9:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 76: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cad iad a thuairimí maidir leis an ráta dífhostaíochta i réigiún Gaeltachta Dhún na nGall a bheith níos airde ná an meán náisiúnta; an n-aontaíonn sé go bhfuil bac á chur ar mhic léinn Ghaeltachta dul ar aghaidh chuig oideachas 3ú leibhéal mar gheall ar réimse de chúinsí sóisialta agus eacnamaíochta agus an dtarraingeoidh sé siar an cinneadh gan daltaí Phobalscoil Ghaoth Dobhair a bheith in ann scoláireachtaí 3ú leibhéal a fháil agus an cinneadh deireadh a chur le Scoláireachtaí Gaeltachta i gcás na Pobalscoile sin. [33995/12]

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 77: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé tiomanta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus dáiríre fúithi agus an dtabharfaidh a Roinn na Scoláireachtaí Gaeltachta isteach arís sa dóigh is go mbeidh deis ag daoine óga atá ina gcónaí sa réigiún sin i nDún na nGall oideachas 3ú leibhéal a fháil [33996/12]

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 98: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna Oideachais agus Scileanna Oideachais agus Scileanna an dtabharfar na Scoláireachtaí Gaeltachta ar ais do Phobalscoil Ghaoth Dobhair, pobalscoil i nGaeltacht Dhún na nGall nach bhfuil scoláireachtaí DEIS nó scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil ina leith faoi láthair [33993/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Molaim ceisteanna Uimhir 76, 77 agus 98 a thógáil le chéile.

Mar a d'fhógraíodh i mBuiséad 2012, cuirfear scéim aonair nua de sparántachtaí, a bheidh bunaithe ar fhiúntas agus riachtanas airgeadais, in ionad na cúig scéim scoláireachta don ardoideachas, lena n-áirítear Scoláireacht Sheachtain na Cásca 1916 An Scéim Scoláireachtaí Triú Leibhéal do Scoláirí ón nGaeltacht, An Scéim Scoláireachtaí Gaeilge Triú Leibhéal (Neamh Theoranta), An Scéim Scolaireachtaí Triú Leibhéal (Trí Ghaeilge: Teoranta) agus Scéim Scoláireachta Donogh O'Malley.

Bronnadh na trí Scoláireacht Gaeilge gan aon critéir socheacnamaíoch a chur i bhfeidhm. Tá na sparántachtaí nua, den taobh eile, deartha go speisialta chun díriú ar mhic léinn atá ag freastal ar scoileanna DEIS i limistéar faoi mhíbhuntáiste agus atá freisin ag léiriú leibhéal de mhíbhuntáiste teaghlaigh nó pearsanta de bhrí a bheith i dteideal cárta leighis.

I gcónaí is é an deontas mac léinn de réir tástála acmhainne an phríomhthacaíocht airgeadais a chuireann mo Roinnse ar fáil chun teacht ar oideachas tríú leibhéal a éascú. Áirítear leis seo an ráta speisialta níos airde de dheontas do mhic léinn ó theaghlaigh atá spleách ar leas sóisialach a chomhlíonann na riachtanais shonraithe. Tá an Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn ag leibhéal an choláiste ar fáil freisin chun cuidiú le mic léinn a bhfuil deacrachtaí airgeadais faoi leith acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.