Written answers

Wednesday, 4 July 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

9:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 147: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an monarcha i gCill Chiaráin, Contae na Gaillimhe, darb ainm Arramara Teoranta, agus leis na líomhaintí atá ann gur tharla gadaíocht sa chuideachta cúpla bliain ó shin, ar tharla imscrúdú faoi na líomhaintí sin; ar cuireadh na líomhaintí sin in iúl do na Gardaí; murar cuireadh in iúl amhlaidh iad, cén fáth nár tharla sin; cad iad na cáilíochtaí atá ag an mbainisteoir nua ann (sonraí tugtha); an aontóidh sé go bhfuil sé mídhleathach nach bhfuair an fostaí aon choinníollacha poist; agus an fíor go mbeidh ar an bhfostaí sonraí a phoist a athrú anois. [32516/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is cuideachta í Arramara Teoranta atá faoi lán-úinéireacht Údarás na Gaeltachta. Ní mór dom a shoiléiriú don Teachta, dá réir, nach bhfuil aon ról agamsa mar Aire Stáit i mbainistiú na cuideachta, ar a n-áirítear ceisteanna maidir le coinníollacha poist agus cáilíochtaí fostaithe. Maidir leis an gceist faoi líomhaintí gadaíochta sa chuideachta cúpla bliain ó shin, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go ndearna bainistíocht na cuideachta ag an am imscrúdú cuí faoi na líomhaintí seo, ag cur san áireamh gur i bhfoirm litreach anaithnide a rinneadh na líomhaintí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.