Written answers
Tuesday, 3 July 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta
9:00 pm
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 392: To ask the Áire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le luach €500,000 de choigiltis atá luaite leis an mBille Gaeltachta agus a éireoidh as deireadh a chur le toghcháin Údarás na Gaeltachta, cén méid coigilteas airgid a bheadh i gceist dá mbeadh toghcháin an Údaráis ar siúl an lá céanna le toghcháin na gCeann Comhairle Contae. [31621/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Nuair a thógtar san áireamh na costais iomlána a bhaineann le toghcháin a reáchtáil d'Údarás na Gaeltachta, ar a n-áirítear costais foirne, fógraíochta, taistil, iompair, aistriúcháin, clódóireachta etc., chomh maith le costais cionroinnte leis na húdaráis áitiúla, meastar nach mbeadh an oiread sin difríochta idir an costas a bhainfeadh le toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil leo féin agus an costas a bhainfeadh lena reáchtáil ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla.
No comments