Written answers
Wednesday, 27 June 2012
Department of Education and Skills
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
9:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 38: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna ar phléigh an Coiste idir-Rannach atá freagrach as Oideachas i dtaca leis an Straitéis Fiche Bliain na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag na ciorruithe oideachais ar ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta, agus an ndearnadh aon mholtaí chun tionchar na gciorruithe sin a laghdú san earnáil sin. [27090/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tionóladh cruinniú tionscnaimh an Ghrúpa Idir-rannaigh don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar 8 Feabhra 2012. Bhí ionadaithe as roinnt Ranna Rialtais, an Roinn Oideachais agus Scileanna ina measc, i láthair.
Nótáladh ag an gcruinniú go gcuirfear chun cinn tiomantas an Rialtais d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge laistigh de na hacmhainní buiséadacha atá ann faoi láthair. Agus é ag glacadh páirt sa phlé ag an gcruinniú, rinne ionadaí na Roinne Oideachais agus Scileanna trácht ar na dúshláin atá roimh an Roinn agus roimh an gcóras oideachais i gcoitinne agus na hacmhainní mar atá siad. Níor pléadh an tionchar féideartha a bheadh ag cinntí buiséadacha ar scoileanna lán-Ghaelacha nó scoileanna Gaeltachta go sonrach.
Thug ionadaí na Roinne Oideachais agus Scileanna cuntas ar an gcaoi a bhfuil an Roinn ag iarraidh feabhas a chur ar inniúlacht sa Ghaeilge i measc múinteoirí agus mac léinn trína Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta 2011-2020, go háirithe i réimsí ar nós leasú an churaclaim, riachtanais iontrála do chláir oideachas múinteoirí, cúrsaí oideachas múinteoirí, agus socruithe feabhsaithe breithmheasa i scoileanna.
No comments