Written answers

Tuesday, 26 June 2012

Department of Education and Skills

Deontais Tríú Léibhéal

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 213: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an mbeadh saoránach Éireannach a fuair a chuid oideachais dara leibhéal i Stáit Aontaithe Mheiriceá ach a d'fhreastail ar bhunscoil anseo in Éirinn, agus a bheidh críochnaithe ar scoil i Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbliana i dteideal deontais tríú leibhéal nó deontais táillí chun freastal ar chúrsa oideachais tríú leibhéal in Éirinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30748/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Chun bheith intofa ar dheontas mic léinn do bhliain acadúil ní mór duit bheith cónaitheach ar feadh 3 bliana ar a laghad as na 5 bliana díreach roimh an dáta ar a dtosnaíonn an bhliain staidéir sin, agus bheith ar chúrsa faofa in institiúid fhaofa.

Más rud é nach sásaíonn tú an riachtanas cónaitheachta in Éirinn, ach go bhfuil tú tar éis bheith i do chónaí i mBallstát eile den AE, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, nó san Eilbhéis ar feadh 3 bliana ar a laghad as na 5 bliana díreach roimh an dáta ar a dtosnaíonn an bhliain staidéir sin, is feidir go mbeifeá intofa ar dheontas i leith táillí teagaisc amháin.

Is gnó don údarás dáfa deontas lena mbaineann é cinneadh a dhéanamh faoi intofacht duine ar dheontas mic léinn.

Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé indéanta agamsa a rá ciacu an gcáileodh mac léinn do dheontas nó nach gcáileodh, nó cén leibhéal deontais a bheadh cuí, in éagmais na sonraí ábhartha go léir a bheadh i bhfoirm iarratais duine, san áireamh sonraí maidir le náisiúntacht, cónaitheacht, gnóthachtáil acadúil roimhe sin, agus acmhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.