Written answers

Thursday, 21 June 2012

Department of Environment, Community and Local Government

An Teanga Gaeilge

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 108: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil sé i gceist aige a mholadh don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go dtabharfaí na Cinn Chomhairimh i dtoghcháin agus i reifrinn faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, i bhfianaise an fhreagra a fuair mé ar Cheist Pharlaiminte Uimhir 87 an 14ú Meitheamh 2012; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30220/12]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ní thagann Ceann Comhairimh nó a bhfoireann díreach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. I dtreoirlínte a eisítear roimh gach toghchán chuig Ceann Comhairimh molann mo Roinn go ndéanfadh siad cinnte de go bhfuil oifigigh ceannais and cléirigh vótaíochta sa Ghaeltacht ábalta a chuid gnó a dhéanamh tré Gaeilge. Iarrtar ar Ceann Comhairimh freisin, sna treoirlínte, a chinntiú go bhfuil fógraí agus postaerí i stáisiúin vótála sa Ghaeltacht, chomh maith le comharthaí don stáisiúin vótála, i nGaeilge amháin. Níl sé ar intinn agam athrú a dhéanamh maidir le stádas oifigigh toghcháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.