Written answers

Tuesday, 19 June 2012

Department of Education and Skills

Foirne Scoile

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 209: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige an dara múinteoir ranga a cheadú do Scoil Náisiúnta Inis Meáin ó tharla go mbeidh ochtar leanbh sa scoil i mí Mheán Fómhair seo chugainn agus gur scoil oileánda í; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29471/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá na critéir a úsáidtear i gcomhair leithdháileadh múinteoirí do bhunscoileanna don scoilbhliain 2012/13 leagtha amach i gCiorclán Bunscoile 0007/2012 atá le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne. Is í an phríomhfhachtóir a chuirtear san áireamh nuair a chinntear ar leibhéal na n-acmhainní foirnithe a sholáthraítear ag leibhéal na scoile aonair ná an sceideal foirnithe don scoilbhliain ábhartha agus an rollachán daltaí ar 30 Meán Fómhair na bliana roimhe sin. Ba é an rollachán daltaí i Scoil Náisiúnta Inis Meáin ar 30 Meán Fómhair 2011 ná 6 dalta, i gcomórtas le 9 dalta i mí Mheán Fómhair 2010. De réir an sceidil fhoilsithe foirnithe laghdaíonn sé seo leibhéal foirnithe na scoile don scoilbhliain 2012/13 ó scoil dhá-oide go dtí scoil aon-oide.

Rinne an scoil achomharc chuig an mBord Achomhairc um Fhoirniú Bunscoile. Breithníodh gach uile achomharc a rinneadh chuig an mBord Achomhairc um Fhoirniú Bunscoile de réir na gcritéar foilsithe achomhairc atá leagtha amach i gCiorclán Foirnithe 0007/2012 de chuid mo Roinne. Níor éirigh leis an achomharc a rinne an scoil agus is é an foras a bhí leis sin nár shásaigh an scoil na critéir fhoilsithe achomhairc. Tá na critéir nua achomhairc i leith scoileanna beaga dírithe ar na scoileanna beaga sin a bhí ag cailliúint post rangsheomra de thoradh ar thionchar an bheart buiséid chun na tairseacha daltaí sa sceideal foirnithe a mhéadú. Ní dheachaigh an beart buiséid i gcion ar Scoil Náisiúnta Inis Meáin, an t-aon bhunscoil ar Inis Meáin, sa chaoi seo. Feidhmíonn an Bord Achomhairc go neamhspleách ón Roinn agus níl dul thar a bhreith.

Chun comparáid a dhéanamh, éilítear ar na scoileanna beaga a ndeachaigh an beart buiséid i gcion orthu bheith ag réamh-mheas 17 dalta ar a laghad i mí Mheán Fómhair 2012 chun bheith in ann an dara múinteoir acu a choinneáil go sealadach i scoil dhá-oide. Tá an Rialtas seo tar éis an t-oideachas a chosaint sa mhéid gur féidir leis. Tá laghduithe i bhfad níos mó ná sin a ndéanamh ar an gcaiteachas, agus ar líon na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí, in earnálacha eile, i gcomparáid leo sin atá á ndéanamh i scoileanna. Ach tá teorainneacha leis an leibhéal caiteachais ar an oideachas agus leis an líon post múinteoireachta is acmhainn linn.

In aimsir seo na deacrachta geilleagraí, táthar ag iarraidh ar na fostaithe uile sa tseirbhís phoiblí na seirbhísí poiblí againn a sheachadadh le leibhéal laghdaithe acmhainní, agus ní ceart go mbeadh múinteoirí i scoileanna beaga díolmhaithe ón éileamh seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.